|
|
Conas a Chaithfidh mé mo Vóta?
|
Céim
1:
|
Cinntigh go
scriostar d'ainm den chlár ar an ngnáthshlí agus tabharfaidh an
fhoireann vótála ticéad duit.
|
|
Céim
2:
|
Tabhair an
ticéad don chléireach vótála ag an meaisín vótála agus ansin gníomhóidh
sé nó sí an meaisín duit.
|
|
Céim
3:
|
Taifead do
rogha ar na páipéir bhallóide tríd an gcnaipe ar thaobh na láimhe
deise de ghrianghraf an iarrthóra a bhrú - taispeánfar do rogha
ar an meaisín vótála.
|
|
Céim
4:
|
Nuair a bheidh
do rogha taifeadta agat ar gach páipéar ballóide brúigh an cnaipe
buí "Caith Vóta".
|
Cad a tharlaíonn
má dhéanaim earráid?
Má dhéanann tú earráid nó gur mian leat do rogha a athrú, brúigh an
cnaipe rogha den dara huair. Glanfaidh sé seo an rogha sin agus gach
rogha eile níos ísle ar an mballóid sin. Is feidir leat ansin do roghanna
nua a thaifeadadh.
Má fhágaim an meaisín vótála gan an cnaipe "Caith Vóta" a bhrú, an féidir
liom filleadh agus é a bhrú?
Meabhróidh an scáileán taispeána ar an meaisín vótála duit an cnaipe
"Caith Vóta" a bhrú agus beidh fógra in aice leis an meaisín á mheabhrú
sin freisin. Féadfaidh foireann an stáisiúin vótála, sa chás go mbíonn
deis acu, a chur in iúl duit nach bhfuil an cnaipe "Caith Vóta" brúite
agat. Mura mbrúnn tú an cnaipe "Caith Vóta", fiú tar éis é a mheabhrú
duit, díghníomhóidh an fhoireann stáisiúin vótála an meaisín vótála
agus ní bheidh cead agat é a úsáid arís.
Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil mo vóta taifeadta?
Cuirfidh an scáileán taispeána ar an meaisín in iúl duit go bhfuil do
vóta stóráilte agus beidh an cléireach vótála ag an meaisín vótála in
ann a dheimhniú go bhfuil do vóta taifeadta. Cloisfidh siad "bíp", múchfaidh
an solas taispeána ar an aonad rialaithe agus méadóidh an líon vótaí
ceann amháin.
Cad a tharlaíonn don vóta?
Nuair a bhrúnn tú an cnaipe "Caith Vóta", stórálann an meaisín vótála
do vóta i modúl ballóide. Ag deireadh na vótála, cuirfear an modúl ballóide
go dtí ionad comhairimh, áit a ndéanfar comhaireamh go leictreonach
ar do vótaí, i dteannta na vótaí eile ón dáilcheantar.
An príobháideachas agam agus mé ag vótáil?
Beidh. Beidh an meaisín socraithe ionas go mbeidh a aghaidh isteach
ar bhalla nó ar scáthlán a thabhairfaidh an méid céanna príobháideachais
duit agus a bhí ar fáil faoin sean-chóras.
An féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí vótáil go leictreonach?
Is féidir. Beidh rochtain ag daoine atá i gcathaoireacha rothaí ar an
meaisín vótála.
Cad a tharlóidh má chliseann an chumhacht?
I gcás go gclisfeadh an chumhacht oibreoidh an meaisín vótála ar cheallra.
Beidh vótaí a bhíonn caite cheana sábháilte agus ní chaillfear iad.
Teanga ar an meaisín vótála
Tá cnaipe rogha teanga ar thaobh na láimhe clé den scáileán taispeána.
Más mian leat an téacs a fheiceáil i nGaeilge nó i mBéarla, brúigh an
cnaipe. Tá an téacs ar an gcnaipe "Caith Vóta" sa dá theanga.
An féidir liom cabhair a fháil má theastaíonn sin uaim?
Beidh foireann an stáisiúin vótála ansin chun cabhrú leat agus a mhíniú
duit conas a oibríonn an meaisín vótála.
Ná
déan dearmad an cnaipe "CAITH VÓTA" a bhrú
nuair a bhíonn do roghanna ar na páipéir balóide ar fad taifeadta!
|