|
Is í an phríomhchúis atá le córas nua leictreonach vótála agus comhairimh a thabhairt isteach ná chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht, ar luas, ar chruinneas thoghcháin na hÉireann agus ionas go mbeidh toghcháin na hÉireann níos éasca don úsáideoir. Cé gur oibrigh an córas vótála láimhe go maith dúinn le blianta anuas, tá sé riachtanach féachaint cad iad na feabhsúcháin a d'fhéadfaí a dhéanamh, go háirithe don vótóir, agus conas a d'fhéadfaí teicneolaíochtaí nua a bheadh ar fáil a úsáid chun an córas toghcháin, a úsáideann córais atá i bhfeidhm ann ón 19ú céad, a fhorbairt agus a nuachóiriú.
Soláthróidh an córas nua leictreonach vótála agus comhairimh leibhéal níos fearr seirbhíse don phobal trí fheabhas a chur ar chruinneas, ar sholúbthacht agus ar luas na bpróisis vótála agus comhairimh, agus bainfear níos mó úsáide ó thaobh riaradh toghcháin as eolas nua-aimseartha agus as teicneolaíochtaí cumarsáide. Feabhas mór ó thaobh gach gné thuas, na socruithe láimhe vótála agus comhairimh atá ann faoi láthair a bheidh ann.
Chruthaigh an córas Nedap-Powervote go maith cheana féin san Ísiltír le 15 bliana anuas agus i roinnt cathracha san Ghearmáin agus san Fhrainc. Athchóiríodh, feabhsaíodh, tástáladh agus rinneadh píolótú ar éirigh leis ag dhá phobalbbhreith in Éirinn cheana féin. Go dtí seo, tá an córas seo úsáide ag os cionn 400,000 Éireannach i bpobalbhreitheanna cearta, agus glacadh an-dearfach leis.
|