Electronic Voting - Logo
DOE logo
Baile FAQ's Taispeántas íoschóipeáil Seó Bóthair Teagmháil
FAQ's

Conas a Chaithfidh mé mo Vóta?

Céim 1:

Cinntigh go scriostar d'ainm den chlár ar an ngnáthshlí agus tabharfaidh an fhoireann vótála ticéad duit.

Céim 2:

Tabhair an ticéad don chléireach vótála ag an meaisín vótála agus ansin gníomhóidh sé nó sí an meaisín duit.

Céim 3:

Taifead do rogha ar na páipéir bhallóide tríd an gcnaipe ar thaobh na láimhe deise de ghrianghraf an iarrthóra a bhrú - taispeánfar do rogha ar an meaisín vótála.

Céim 4:

Nuair a bheidh do rogha taifeadta agat ar gach páipéar ballóide brúigh an cnaipe buí "Caith Vóta".

Cad a tharlaíonn má dhéanaim earráid?
Má dhéanann tú earráid nó gur mian leat do rogha a athrú, brúigh an cnaipe rogha den dara huair. Glanfaidh sé seo an rogha sin agus gach rogha eile níos ísle ar an mballóid sin. Is feidir leat ansin do roghanna nua a thaifeadadh.

Má fhágaim an meaisín vótála gan an cnaipe "Caith Vóta" a bhrú, an féidir liom filleadh agus é a bhrú?

Meabhróidh an scáileán taispeána ar an meaisín vótála duit an cnaipe "Caith Vóta" a bhrú agus beidh fógra in aice leis an meaisín á mheabhrú sin freisin. Féadfaidh foireann an stáisiúin vótála, sa chás go mbíonn deis acu, a chur in iúl duit nach bhfuil an cnaipe "Caith Vóta" brúite agat. Mura mbrúnn tú an cnaipe "Caith Vóta", fiú tar éis é a mheabhrú duit, díghníomhóidh an fhoireann stáisiúin vótála an meaisín vótála agus ní bheidh cead agat é a úsáid arís.

Conas a bheidh a fhios agam go bhfuil mo vóta taifeadta?
Cuirfidh an scáileán taispeána ar an meaisín in iúl duit go bhfuil do vóta stóráilte agus beidh an cléireach vótála ag an meaisín vótála in ann a dheimhniú go bhfuil do vóta taifeadta. Cloisfidh siad "bíp", múchfaidh an solas taispeána ar an aonad rialaithe agus méadóidh an líon vótaí ceann amháin.

Cad a tharlaíonn don vóta?
Nuair a bhrúnn tú an cnaipe "Caith Vóta", stórálann an meaisín vótála do vóta i modúl ballóide. Ag deireadh na vótála, cuirfear an modúl ballóide go dtí ionad comhairimh, áit a ndéanfar comhaireamh go leictreonach ar do vótaí, i dteannta na vótaí eile ón dáilcheantar.

An príobháideachas agam agus mé ag vótáil?
Beidh. Beidh an meaisín socraithe ionas go mbeidh a aghaidh isteach ar bhalla nó ar scáthlán a thabhairfaidh an méid céanna príobháideachais duit agus a bhí ar fáil faoin sean-chóras.

An féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí vótáil go leictreonach?
Is féidir. Beidh rochtain ag daoine atá i gcathaoireacha rothaí ar an meaisín vótála.

Cad a tharlóidh má chliseann an chumhacht?
I gcás go gclisfeadh an chumhacht oibreoidh an meaisín vótála ar cheallra. Beidh vótaí a bhíonn caite cheana sábháilte agus ní chaillfear iad.

Teanga ar an meaisín vótála
Tá cnaipe rogha teanga ar thaobh na láimhe clé den scáileán taispeána. Más mian leat an téacs a fheiceáil i nGaeilge nó i mBéarla, brúigh an cnaipe. Tá an téacs ar an gcnaipe "Caith Vóta" sa dá theanga.

An féidir liom cabhair a fháil má theastaíonn sin uaim?
Beidh foireann an stáisiúin vótála ansin chun cabhrú leat agus a mhíniú duit conas a oibríonn an meaisín vótála.

Ná déan dearmad an cnaipe "CAITH VÓTA" a bhrú nuair a bhíonn do roghanna ar na páipéir balóide ar fad taifeadta!

Images of buttons